Chuir an Institiúid córas â¿¿cárta clisteâ¿ (t-Cárta a ghlaotar air) i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2003 in ionad Cártaí Mic Léinn. Beidh ar mhic léinn an â¿¿Comhaontú Cárta Clisteâ¿ a shíniú mar chuid den phróiseas clárúcháin, agus ansin eiseofar an Cárta Cliste ilfheidhmeach. Is féidir úsáid a bhaint as an gCárta Cliste le haghaidh seirbhísí priontála nó fótachóipeála ón mbliain acadúil 2003/04 i leith. Beidh an cárta ina chárta aitheantais mic léinn oifigiúil a bheidh ag teastáil chun leas a bhaint as áiseanna na Leabharlainne agus na Deisce Cabhrach Ríomhaireachta.
Ag Úsáid do t-Cárta Mic Léinn (Cárta Cliste)
Bíonn ar mhic léinn an â¿¿Comhaontú Cárta Cliste/t-Cártaâ¿ a shíniú mar chuid den phróiseas clárúcháin, agus ansin eiseófar agus cuirfear i bhfeidhm an Cárta Cliste ilfheidhmeach. Tá an cárta ina chárta aitheantais mic léinn oifigiúil agus ba chóir go mbeadh sé i do sheilbh agat i gcónaí. Beidh do chárta ag teastáil chun leas a bhaint as áiseanna na Leabharlainne agus na Deisce Cabhrach Ríomhaireachta, mar aon le seirbhísí priontála nó fótachóipeála. Beidh ort do t-Cárta a chur i láthair má bhaineann tú leas as aon cheann de Sheirbhísí Mic Léinn nó seirbhísí Ghnóthaí Acadúla, mar shampla má tá foirmeacha le síniú agus le stampáil agat, seiceanna le bailiú, nó má bhaineann tú úsáid as an tseirbhís sláinte agus araile. D'fhéadfadh oifigeach údaraithe na hInstitiúide do chárta a iarraidh agus a choigistiú go sealadach de bharr sáruithe rialacha mar a mhínítear iad i Mír B an Lámhleabhair do Mhic Léinn. Tabharfar an cárta ar ais duit ach an fhíneáil chuí a íoc.
Ag tabhairt aire do do Chárta Cliste
Chun do Chárta Cliste a choimeád buan agus bailí:
- Coimeád i gcás iompair sábháilte é (mar shampla i do vallait nó i bhfillteán cártaí)
- Coinneáil an cárta amach ó mhaighnéid agus ríomhairí chun damáiste maighnéadach a sheachaint
- Ná nocht an cárta do theas iomarcach
- Ná lúb an cárta
- Ná dein poll i do chárta
- Ná cuir isteach ar an eolas nó an bpictiúr atá priontáilte ar an gcárta
- Coimeád an cárta saor ó mharcanna agus scrabhadh, go háirithe ar an gcúl, áit a bhfuil an stiall mhaighnéadach.
- Ná nigh an cárta agus ná bain úsáid as d'aon fheidhm ach amháin na feidhmeanna a bhfuil sé ceaptha dóibh
- Má dhéantar damáiste do do â¿¿Chárta Clisteâ¿, ba chóir duit é a thabhairt don Oifig Ghnóthaí Acadúla san Institiúid. Ní mór cártaí a chailltear nó a ghoidtear a thuairisciú láithreach. Gearrfar táille ar eisiúint cárta athsholáthair.