Is gréasán gairmiúil é Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí do thaighdeoirí sinsearacha agus sóisearacha, múinteoirí teanga atá ag saothrú i ngort na teangeolaíochta, nó a bhfuil suim acu ann. Is pobal gníomhach a choinníonn suas leis na forbairtí teanga is déanaí agus a chuireann léachtaí agus seimineáir ar fáil ar fud na hÉireann. Téann stair Chumann na Teageolaíochta Feidhmí siar go dtí 1975 nuair a bunaíodh é chun tacú le taighde sa teangeolaíocht fheidhmeach in Éirinn. Is ball é de Chumann Idirnáisiúnta na Teangeolaíochta Feidhmí (AILA) agus tá sé mar aidhm aige tacú le taighde trí sheimineáir, léachtaí, comhdhálacha agus ceardlanna a eagrú. I measc a chuid foilseachán tá an iris acadúil bhliantúil dhátheangach TEANGA, chomh maith le himleabhair speisialta ar ábhair ar leith.
Tionólfar Comhdháil Náisiúnta 2022 Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in MTU (Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan). Beidh na seisiúin ar siúl ar Champais Chorcaí agus Chiarraí ar 30 Meán Fómhair agus 1 Deireadh Fómhair, 2022. Ag an tráth seo, tá sé beartaithe go reáchtálfar Comhdháil MTU IRAAL 2022 go hiomlán ar an láthair.
Fáiltímid roimh achoimrí (250 focal ar a mhéid) do pháipéir choincheapúla agus eimpíreacha agus do phóstaeir in aon réimse den Teangeolaíocht Fheidhmeach, lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta dóibh seo a leanas:
Cuirfear fáilte ar leith roimh achoimrí a thugann aghaidh go sonrach ar théama na comhdhála féin.
Ba chóir go mbeadh ainm an láithreora/na láithreoirí chomh maith le hainm na hollscoile/hinstitiúide/an choláiste sna achoimrí (doiciméad Word).
Seol isteach d’achoimre chuig an ríomhphost seo a leanas le do thoil: (show email)
Dáta Deiridh le haghaidh Achoimrí a chur isteach: Dé Luain 11 Aibreán
Glacadh le hAchoimrí: Dé hAoine 13 Bealtaine
Má tá aon cheist agat a bhaineann leis an gComhdháil déan teagmháil le:
Comhdháil IRAAL
Ríomhphost:
(show email)